Séamus Ó Beaglaoich | Amhránaí TG4 | Gradam Ceoil TG4 2013 |

TG4
TG4
11.4 هزار بار بازدید - 12 سال پیش - Gradam Ceoil TG4 2013 Bronnfar
Gradam Ceoil TG4 2013 Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 30 Márta. Craolfar ar TG4 an oíche dar gcionn, Domhnach Cásca. Séamus Ó Beaglaoich: Amhránaí TG4 - we met up with him at this home in Baile na bPoc on the Dingle Peninsula. Here he plays with his son and daughter Níall & Méabh. http://www.gradam.ie/index.php/singer-of-the-year/ https://twitter.com/GradamCeoil https://en-gb.facebook.com/gradamceoil Is duine de theaghlach cáiliúil Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne é Séamus Ó Beaglaoich a bhfuil stór mór amhrán Gaeilge agus Béarla aige lenar chuir sé lucht éisteachta ar fud an domhain faoi dhraíocht le scór go leith bliain agus breis. Is boscadóir cumasach é freisin, dar ndóigh agus fear maith scéalaíochta freisin, gan bhréag. Bhí an ceol ar an uile thaobh de agus é ina bhuachaill óg agus é ag seinm an bhosca ag an gcéilí ar an Muiríoch in aice láimhe agus gan é ach ina dhéagóir óg. I 1972 a d'eisigh sé a chéad albam, An Ciarraíoch Mallaithe ar lipéad Ghael Linn lena dheirfiúr Máire. Tháinig an dara ceann, Planxtaí Bhaile na bPoc ón mbeirt chéanna i 1989 agus a gcara Steve Cooney ón Astráil ina gcuideachta an uair seo. Cheangail Séamus agus Steve cairdeas ceoil agus thuill cáil ar fud an domhain lena rogha bríomhar de cheol damhsa agus d'amhráin Chorca Dhuibhne. Tá sin ar fáil go hálainn ar an diosca Meitheal a tháinig uathu i 1996. Ar na hamhráin atá ag Séamus anseo tá Máirín de Barra, Bruach na Carraige Báine agus Beir Mo Dhúthracht. Is le tionlacaí eile giotáir, Jim Murray, a d'eisigh Séamus an diosca eile Ragairne, a thuill an gradam mar "Albam Traidisiúnta na Bliana 2011" ón Irish Times agus ó Hot Press. Tá an t-amhránaí Mary Black le cloisteáil ar an albam seo freisin agus An Ciarraíoch Mallaithe á chanadh aici le Séamus. D'eisigh Jim Murray agus Séamus Éirí Go Lá, an dara albam i 2009, ar a bhfuil an leagan álainn den amhrán Máire Bhán Óig. Tá an domhan siúlta ag Séamus le ceoltóirí éagsúla, iad sin atá luaite thuas agus freisin Jon Sanders agus Tim Edey ar a seal. D'eisigh sé an diosca Disgrace Notes le Tim Edey agus tá sé le cloisteáil freisin ar an diosca Béal Tuinne a heisíodh le gairid i gcuideachta amhránaithe eile as a cheantar dúchais. Le gairid freisin tá páirtíocht cheoil bunaithe aige leis an bhfidléir Oisín Mac Diarmada agus d'eisigh siad an diosca Le Chéile anuraidh, meascán de cheol uirlise agus d'amhráin, ina measc cinn nár thaifead Séamus roimhe sin: An tSeanbhean Bhocht, Eibhlín a Rúin agus The Banks of the Bann. Tá an ceol tugtha don ghlúin óg aige freisin mar go bhfuil a iníon, Méabh le cloisteáil ar chuid de na rianta seo. Tá an ócáid sin á heagrú mar chuid de agus le tacaíocht ó Thóstal Éireann/The Gathering agus beidh maithe go leor i láthair mar bhronntóirí agus ag seinm ar an oíche. Seo thíos liosta iomlán na gceoltóirí a bhéas ag casadh sa cheolchoirm... Altan -- DÓNAL McCAGUE, Michael McCague & Brian McGrath. TOMMY PEOPLES, Siobhán Peoples, Michelle O'Brien, Laoise Kelly, Matt Molloy, Donal Lunny & Tríona Ní Dhomhnaill. NA PÍOBAIRÍ UILLEANN -- Gay McKeon, Nollaig MacCarthaigh, Dave Hegarty, Tommy Keane, Noel Pocock & Liam Ó Floinn. SÉAMUS Ó BEAGLAOICH, Mary Black, Sharon Shannon & Tim Edey MICHAEL TUBRIDY, Sarah Jane, Bernie Hanley & Máirín Ó Raghallaigh DERMOT BYRNE, Floriane Blanke & Brendan O'Regan
12 سال پیش در تاریخ 1391/12/26 منتشر شده است.
11,462 بـار بازدید شده
... بیشتر