Timpeallacht bia níos sábháilte a thógáil

safefoodTV
safefoodTV
4.5 هزار بار بازدید - 2 ماه پیش - Is í drochshláinte a bhaineann
Is í drochshláinte a bhaineann leis an mbia an chúis is mó le breoiteacht agus bás inchoiscthe ar an domhan forbartha, agus í i bhfad níos measa ina thaobh sin ná an caitheamh tobac. I láthair na huaire, is róthrom nó murtallach atá leanbh amháin as gach ceathrar i dTuaisceart Éireann agus leanbh amháin as gach cúigear in Éirinn. Tá baol níos mó ann go dtiocfaidh galair a athraíonn an saol orthu sin níos déanaí sa saol. I measc na ngalar sin tá diaibéiteas chineál 2, galar croí agus a lán ailsí coitianta. Tá baol ann freisin go bhfulaingeoidh siad drochéifeachtaí síceolaíocha agus sóisialta le linn a n-óige mar gheall ar stiogmatú meáchain.

Mar gheall ar an mbia atá timpeall orainn, arb é ár dtimpeallacht bia é, spreagtar sinn chun bia míshábháilte a ithe gach cor agus lúb, beagnach. Plúchtar sinn le margaíocht agus promóisin le haghaidh cineálacha míshláintiúla bia. Is mar gheall ar an bpraghas agus an fháil atá ar bhia míshláintiúil agus ar dheochanna míshláintiúla go bhfuil siad ar an rogha “is saoire agus is soshroichte” a cheannaímid agus a thomhlaímid ar an bpointe boise. Is eol dúinn go spriocdhírítear ar leanaí go háirithe.

Cuid dhílis den fheachtas seo is ea leanaí a chosaint. Bíonn an ceart acu chun bia sábháilte sláintiúil a ithe.

Táimid ag iarraidh ar dhaoine eolas a chur ar a dtimpeallacht bia, labhairt lena gcairde agus lena mbaill teaghlaigh agus a fhiafraí cad is féidir a dhéanamh chun í a fheabhsú. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, lean #TalkAboutFood ar na meáin shóisialta nó téigh chuig ár suíomh Gréasáin ag https://www.safefood.net/healthy-eati...

Is é is timpeallacht bia níos sábháilte a thógáil ann ná feachtas nua sláinte poiblí safefood chun sláinte leanaí a chosaint. Is iad an Roinn Sláinte in Éirinn, an Roinn Sláinte i dTuaisceart Éireann, an Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, agus an Ghníomhaireacht um Chaighdeáin Bhia ár gcomhpháirtithe.
2 ماه پیش در تاریخ 1403/03/25 منتشر شده است.
4,552 بـار بازدید شده
... بیشتر