Nuacht TG4 Gach lá @ 19.00 | National News Everyday @ 19.00

TG4
TG4
17.2 هزار بار بازدید - 11 سال پیش - Guth laethúil an chainéil, léiriú
Guth laethúil an chainéil, léiriú sainiúil ar an tsúil eile. Bíonn an bhéim ar scéalta na Gaeilge, na Gaeltachta agus na réigiún, sa mbaile agus i gcéin. Tá cáil ar Nuacht TG4 as an tsúil a choinníonn sí ar phobail ar fud na tíre.

Insíonn Nuacht TG4 scéalta na ndaoine nach mbeadh cead cainte acu ar ardáin eile. Is í Eimear Ní Chonaola a chuireann na scéalta sin i láthair gach oíche ar Nuacht TG4. Beidh meascán do scéalta is fearr gach seachtain, idir scéalta réigiúnach agus scéalta ón ghaeltacht le fáil ar an gclár Timpeall na Tíre.

Tá súil ar leith ag Nuacht TG4 ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna, mar léiriú ar mhana súil eile an chainéil. Déantar cúram ar leith de chósta an iarthair, den Ghaeltacht agus de phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile, agus bíonn an  fhoireann ar a dícheall le nuacht a sholáthar atá soiléir, sothuigthe agus ábhartha.

Craoltar achoimre nuachta  ag 1.55pm gach lá Luan-Aoine.

Mar is iondúil, beidh Eimear Ní Chonaola, a thuill oiread sin gradam as a cumas leanúnach agus foireann fhuinniúil Nuacht TG4 ar fud na tíre ag soláthar na scéalta náisiúnta, réigiúnacha, idirnáisiúnta agus Gaeltachta gach oíche.

Is cuid den lá é Nuacht TG4
11 سال پیش در تاریخ 1392/03/02 منتشر شده است.
17,285 بـار بازدید شده
... بیشتر