Áine Uí Cheallaigh - An Buachaillín Bán + Liricí | Tigh Mooney, An Rinn | Geantraí 2002 TG4
1.9 هزار بار بازدید -
7 سال پیش
-
Áine Uí Cheallaigh, leis An
Áine Uí Cheallaigh, leis An Buachaillín Bán i dTigh Mooney, An Rinn, Co. Phort Láirge i 2002. Waterford sean-nós singer, Áine Uí Cheallaigh singing, An Buachaillín Bán, in Mooney's Pub, An Rinn Co. Waterford, 2002.
An Buachaillín Bán ; Na Focail ; Na Liricí ; Irish Song Lyrics :
Tá mo chroí-se go tláth lag, 's i lár mo chuid saothair
Tagann lán tocht im chléibhse cé nár mhéin liom é rá
Tá an díbirt i ndán dom ó bháin bheannaibh Éireann
Is fánach mo shaolsa 's is déarach mo chás.
Is cuimhin liom an tráth, úd a ghrá ghil na n-ae istigh,
Thugas grá searc is géilleadh, dod chaomh roisc thar chách,
A Rí ghil na n-árann, dob fhearr liom go n-éagfainn,
I láthair mo ghaolta, 'is mo bhuachaillín bán.
Tá críoch Inis Failbhe, go lán fad' i ndaor bhroid,
Go cráite 's go céasta, i ngéibhinn na namhad,
Nó an fíor nach foláir duit, go brách bheith go déarach
A oileáinín bhig mhaorga, na naomh is na mbard.
Ó guímse go hard, ar an Ard Athair Naofa,
Chun ár agus léir-scrios, do dhéanamh ar Sheán,
Ó dhíbir na táinte, thar sáile 'na gcéandta,
'S chuir fán orm féinig, óm' bhuachaillín bán.
Tá Geantraí ar fáil ar Sheinnteoir TG4 anois, am ar bith ar fud na cruinne / More episodes of Geantraí are available on the TG4 Player now - watch anytime, anywhere in the world 🎶🌎➡️ bit.ly/38464Qy
Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on YouTube / Glac síntiús chuig cainéal ceoil TG4 ar YouTube ➡️ bit.ly/2V8xyBG
#Geantraí #TG4 #TradTG4 #CeolTG4
7 سال پیش
در تاریخ 1396/12/26 منتشر شده
است.
1,986
بـار بازدید شده