Láithreoirí Aimsire Nua ag TG4 | Orla Ní Fhinneadha

TG4
TG4
2.8 هزار بار بازدید - 6 سال پیش - Cuir aithne ar láithreoirí nua
Cuir aithne ar láithreoirí nua aimsire TG4!
Rugadh agus tógadh Orla Ní Fhinneadha ar an gCloich Mhóir i gConamara.  Múinteoir bunscoile i Scoil Éinne ar An Spidéal í Orla a bhain a céim san oideachas amach i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach agus máistreacht san Oideachas sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.   Amhránaí sean-nóis aitheanta í agus bhain sí amach an tríú háit i gCorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2017.  Bíonn Orla i mbun ranganna san amhránaíocht ar an sean-nós do ghasúir agus is breá léi a bheith ag plé leis an drámaíocht agus leis an ealaíon.  Bíonn sí gafa leis an aclaíocht chomh maith agus déanann an dá mhadra atá aici, Tigí agus Ispín, cinnte de nach bhfanann sí ina leadaí ar an gcathaoir ró-mhinic.
6 سال پیش در تاریخ 1397/06/07 منتشر شده است.
2,892 بـار بازدید شده
... بیشتر